Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Fuair Séamus agus a theaghlach bád déanta thíos ar na Dúnaibh ach tá sí ina luí ag an ché anois, tá poll ar a toiseach. | 00:01:16 | |
Thóg fear as na Dúnaibh, Antoin Mac Giolla Bhríde, a mbád, tá sí i Machaire Rabhartaigh anois. Dar leis gur í an bád is fearr a chuaigh na farraige, ní raibh eagla ariamh orthu inti fiú nuair a bhíodh an fharraige garbh. Chuaigh siad amach oíche amháin nuair nach dtéadh duine ar bith eile amach ag iascaireacht bradán, bhí barraíocht eagla ar achan duine eile ach bhí bád maith le Jimeile agus a dheartháir. Thugadh Páidí Éamoinn na bradáin go Ailt an Chorráin lena ndíol.
An dóigh ar cheannaigh sé a chuid eangacha ar dtús, ní raibh mórán airgid aige. Fuair sé iasacht leis na heangacha a cheannach. Taobh istigh de 6 seachtaine bhí an bád díolta ar a son, bhí séasúr maith acu. Bhí beannacht acu ón sagart.
Bhí rath agus ádh orthu i gcónaí leis na potaí gliomach. Scéal faoi am a bhí siad ag tógáil na bpotaí agus an fharraige garbh.
Bhí creideamh aige féin go raibh Dia ag amharc ina ndiaidh.
Scéal faoi bheannacht a fuair a theaghlach ón tAthair Danny Molloy lá amháin a chosain iad ar bharr na farraige. | 00:20:08 | |
Ag tógáil bád, curraigh, in Inis Bó Finne. An t-adhmad a bhí in úsáid acu. | 00:02:07 | |
Cailleadh bád eile dárbh ainm An Stolwick le lasta toitíní agus iarainn. Cailleadh iad uilig agus tuilleadh ar an bhád cogaidh a tháinig ina dhiaidh le hiad a shábháil. | 00:06:22 | |